Ní iarrfain de spré le Sadhbh Ní Bhruinneallaigh Ach baile Inis Gé is cead éaló ar choiníní. Óró, a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinneallaigh, Comhairle do mháithrín, éalaigh is imigh liom.
Is máistir báid mhóir mé ag dul ród na Gaillimhe, D'fhliuchfainn naoi bhfód is ní thógfainn aon fharraige. Óró, a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinneallaigh, A chuisle is a stóirín, éalaigh is imigh liom.
Máistir báid mhóir go deo ní ghlacfaidh mé, Nuair a fhaigheann siad an chóir is dóigh nach bhfanann siad. Óró, a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinneallaigh, Comhairle do mháithrín, éalaigh is imigh liom.
Is máistir báid mhóir go deo ni ghlacfaidh mé, Nuair a fhaigheann siad an chóir is dóigh nach bhfanann siad. Óró, a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinneallaigh, A chuisle is a stóirín, éalaigh is imigh liom.
Níl folach a cabhaile ar Shadhbh Ní Bhruinneallaigh Ach sean-chóitín donn gan chabhail gan mhuinchille. Óró, a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinneallaigh, A chuisle is a stóirín, éalaigh is imigh liom.
Fear maith i mbád mé is togha fear iomartha, Fear sluasaid is lái ar dha cheann an iomaire. Óró, a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinneallaigh, A chuisle is a stóirín, éalaigh is imigh liom.Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.