Ar meisce cha dtéim níos mó Braon leanna go deo ní bhlaisfidh mé Ó chaill mé mo chailín beag óg A chuireadh i mo phócaí an t-airgead.
Is fada liom uaim í, uaim í Is fada liom uaim í ó d´imigh sí Is fada liom thíos agus thuas í Molly na gcuach Ní Chuilleanáin.
Dhéanfaidh mé tigh ar an ard Is beidh ceithre ba bainne breaca agam Is ní ligfidh mé 'n duine dá gcomhair Ach Molly dheas bhán Ní Chuilleanáin.
Is fada liom uaim í, uaim í Is fada liom uaim í ó d´imigh sí Is fada liom thíos agus thuas í Molly na gcuach Ní Chuilleanáin.
Dá mbeinnse i ndeacair an bháis Is na daoine a rá nach dtiocfainn as Ní dhéanfainn mo thiomna go brách Go dtiocfadh Moll Bhán Ní Chuilleanáin.
Is fada liom uaim í, uaim í Is fada liom uaim í ó d´imigh sí Is fada liom thíos agus thuas í Molly na gcuach Ní Chuilleanáin.
Bhí mise lá ar an choill Is tharla dom soilse bhrádóige Dhéanfadh sí marbhán beo Nó buachaill deas óg den tseanduine.
Is fada liom uaim í, uaim í Is fada liom uaim í ó d´imigh sí Is fada liom thíos agus thuas í Molly na gcuach Ní Chuilleanáin.Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.