Is iníon d'aoire mé Féinig gan amhras Do bhíodh ina cónaí Cois taobh na Leamhna Bhí bothán agam féin ann Is fuinneog i gceann de Fad a bhíodh an bainne ag téamh agam 'Sea ghlaofainn ar na gamhna
Aililiú na gamhna Na gamhna bána Aililiú na gamhna Na gamhna b'iad a b'fhearr liom Aililiú na gamhna Na gamhna geala bána Na gamhna maidin shamhraidh Ag damhsa ar na bánta
Faightear dom cana Is faightear dom bhuarach Is faightear dom soitheach Ina gcuirfead mo chuid uachtair Ceolta sí na cruinne bheith Á síorchur i m'chluasa Ba bhinne liomsa géimneach na mbó Ag teacht chun buaile
Aililiú na gamhna Na gamhna bána Aililiú na gamhna Na gamhna b'iad a b'fhearr liom Aililiú na gamhna Na gamhna geala bána Na gamhna maidin shamhraidh Ag damhsa ar na bánta
Rachaimid ar an aonach Is ceannóimid gamhna Is cuirfimid ar féar iad Amach ins na gleannta Íosfaidh siad an féar Is barr an aitinn ghallda Is tiocfaidh siad abhaile chun An bhainne i gcóir an tSamhraidh
Aililiú na gamhna Na gamhna bána Aililiú na gamhna Na gamhna b'iad a b'fhearr liom Aililiú na gamhna Na gamhna geala bána Na gamhna maidin shamhraidh Ag damhsa ar na bánta Ag damhsa ar na bántaTeksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.