Cá rabhais ar feadh an lae uaim, a bhuachaillín ó? Cá rabhais ar feadh an lae uaim, a lao ghil 's a stór? A' fiach 'gus a' foghléireacht a mháthairín ó Agus cóirigh mo leaba, táim breoite go leor
Cad a dh'ithis do do dhinnéar, a bhuachaillín ó? Cad a dh'ithis do do dhinnéar, a lao ghil 's a stór? Dh'itheas sicíní nimhe ar phláitíní óir, Agus cóirigh mo leaba, táim breoite go leor.
Cad a d'fhágais ag do mháithar a bhuachaillín ó? Cad a d'fhágais ag do mháithrín, a lao ghil 's a stór? Mo bha 's mo chuid talamh, a mháithrín ó Agus cóirigh mo leaba, táim breoite go leor.
Cad a d'fhágais ag do dhritheáir a bhuachaillín ó? Cad a d'fhágais ag do dhritheáir, a lao ghil 's a stór? Téad ard chun a crochta is téad láidir chóir Agus cóirigh mo leaba, táim breoite go leor.Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.