Tá mé 'mo shuí ó d'éirigh 'n ghealach aréir Ag cur tine síos go buan 's á fadú go géar Tá bunadh a' tí 'na luí is tá mise liom féin Tá na coiligh a' glaoch 's tá an saol ina gcodladh ach mé.
Sheacht mh' anam déag do bhéal, do mhala, 's do ghrua Do shúil ghorm ghlé fár thréig mise aiteas is suairc Le cumha i do dhiaidh, ní léir domh an bealach a shiúil Is a charaid mo chléibh, tá na sléibhte idir mé agus tú
Deireann lucht léinn gur cloíte an galar an grá Char admhaigh mé é, go raibh sé i ndiaidh mo chroí istigh a chrá Aicid róghéar, faraor, nár sheachnaigh mé í Chuir sí arraing is céad go géar tríd cheartlár mo chroí.
Casadh bean sí domh thíos ag Lios Bhéal an Átha 'S d'fhiafraigh mé di an scaoilfeadh glas ar bith grá Is é dúirt sí os íseal, i mbriathra soineanta sámh “Nuair a théid sé fán chroí, cha scaoiltear as é go bráth.”Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.