Ó tá an oíche seo ag sioc agus tá sí fuar Agus d'éalaigh mo ghrása le fear eile uaim A ghrua dheas lasta is a bhéilín bhinn Is a Chití a stór, tá mé breoite tinn
Is í Cití a mhearaigh is a bhreoigh mo chiall Is a d'fhág mé ag osnaí' go mór 'na diaidh Is é monuar go bhfuair mise léann ariamh Nuair a léigh mé do litirse, a Chaitlín Triall
Níl toint' ar mo bhrollach nár lig mé le gaoth Is má fhágaim an baile ní phillfidh mé choich' Tháinig lionndubh ar m'aigne agus d'athraigh mo chiall Is nach trom sin ar d'anamsa, a Chaitlín Tiriall
Ó gheall tusa domhsa agus gheall tú fá dhó Nach ndéanfá mo mhalairt anois ná go deo Ná go bhfaca mé tusa is an fear údaí ag ól Is tú i gcúl an tom dreasóig' is mug leanna in do dhorn
Níl bó is níl gamhain is níl caoire amháin Ó bhruach Loch Oirgheall go malaidh an tsléibh' bháin Nach dtabharfainn do Chití ar an aon phóig amháin Is nach í a leigheasfadh an arraing tá frid mo lár
Ó shiúil mise thoir agus shiúil mise thiar Sligeach na long agus cé Bhaile átha Cliath Macasamhail mo chailín ní fhaca mé ariamh Nó go dtáinig mé 'na bhaile ionsar Chaitlín Tiriall
Is nach mé an fear mallaithe tá i ngrá le bhliain Is go mb'fhearr liom bean agam ná a bhfaca mé ariamh Ó fuigfidh mé na hAspail is an Eaglais uaim siar Agus leanfaidh mé go héag tú, a Chaitlín TiriallTeksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.