Caitlín óg a' gabhail an ród 'Gus casadh Domhnall Dubh uirthi Thug sé í go taobh a' chlaí 'Gus bhain sé míle meaig aisti
Fáil-il-il-léro randaí-bhiú An gcuala sibh cúrsa Chaitlín? Dá mbinnse beo ríú bliain nó dhó Go mbeinnse 'g ól le Caitlín.
A Chaitlín Óg, is tú mo stór Go deo ní mian liom scanradh leat Ar sliabh a' tSín gur chaith mé 'n oíche' Mar i ndúil 's go mbeinn i gcleamhnas leat.
Fáil-il-il-léro randaí-bhiú An gcuala sibh cúrsa Chaitlín? Dá mbinnse beo ríú bliain nó dhó Go mbeinnse 'g ól le Caitlín.
Dá mbinn mo tháilliúir nó mo ghabha [Mo] ghréasaí bróg a b'aite liom D'ainneoin Éireann 'sa bhfuil beo Go gcuirfinnse clóc' ar Chaitlín.
Fáil-il-il-léro randaí-bhiú An gcuala sibh cúrsa Chaitlín? Dá mbinnse beo ríú bliain nó dhó Go mbeinnse 'g ól le Caitlín.
Bhí mé oíche 'mo shuí liom féin 'Gus d'éirigh mé ions ar na cailíní Shíl mé a choíche nach bhfaighinn an tslí Go toin an tí ions ar Chaitlín.
Fáil-il-il-léro randaí-bhiú An gcuala sibh cúrsa Chaitlín? Dá mbinnse beo ríú bliain nó dhó Go mbeinnse 'g ól le Caitlín.Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.