Chuaigh mé 'un aonaigh 'is dhíol mé mo bhó Ar chúig phunta airgid 's ar ghiní bhuí óir Má ólaim an t-airgead 's má bhronnaim an t-ór Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó? Má ólaim an t-airgead 's má bhronnaim an t-ór Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?
Má théim 'na choill chraobhaigh a' cruinniú sméara nó cnó A' bhaint úllaí de ghéaga nó a' bhuachailleacht bó Má shínim seal uaire faoi chrann a' déanamh só Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó? Má shínim seal uaire faoi chrann a' déanamh só Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?
Tá fhios agam cailìn deas cneasta ná cóir A cneas mar an eala 's a plucaí mar rós Bhíonn sise 'gus mise 'un Ínid faoí sheol Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó? Bhíonn sise 'gus mise 'un Ínid faoí sheol Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?
Deir daoine go bhfuil mé gan rath is gan dóigh Gan earraí ná éadáil, gan bólacht nó stór Ach má tá mise sásta 'mo chónaí i gcró Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó? Má tá mise sásta mo chónaí i gcró Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.