Nuair a d'éirigh mé 'r maidin Dé Céadaoin Níor choisreac mé m'éadan faraor Nó gur bheir mé ar an arm a ba ghéire Agus chuir mé a bhéal le cloich liomhth'
Dá mbínnse seacht mbliana faoin talamh Nó i bhfiabhras na leapa mo luí A chéadsearc an dtighteá 'gus m'fhiafraí Scéal cinnte go mbeinn leat mo shuí
Is trua nach marb bhí m'athair Nuair a chuir sé mé go harm an Rí Is gurbh í an uaigh mo chrualeaba feasta Is a chéadsearc nach trua leat mo luí
Is fada mo chrá croíse a dhéanamh 'S mo thumba á prionntáil ag saor 'Is mo chónra á tógáil lá 'n Earraigh 'Is na buachaillí deasa gabháil faoi
Is fada mo chosa gan bhróga 'Gus is faide mo phócaí gan phingin Is fada mé ag gabháil le mná óga Ach níor ól mé riamh deor le mo mhianTeksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.