A Bhuinneán Bhuí is é mo chrá do luí Is do chnámha sínte ar leaca lom' Is nach dtearn tú díth no dolaidh sa tír Is narbh fhearr leat fíon nó uisce poill Dá gcuirfeá scéala fá mo dhéin Go raibh tú i ngéibhinn nó i ndeacair íot' Ó bhainfinnse béim ar Loch Mhic an Éin A fhliuchadh do bhéal is do bhrollach síos
Ní hiad mur n-éanlaith atá mé ag éagaoin An chuach, an traona ná an chorr-bhreac Ach an Buinneán Buí, a bhí lán do chroí Is gur cosúil liom féin é i snua is i ndreach Bhíodh sé ag síor ól na dí Is deir daoine go mbím ar an nós sin seal Is níl braon dá bhfuighinn nach ligfinn síos Ar fhaitíos go bhfuighinn féin bás den tart
Is é d'iarr mo stór orm ligint den ól Nó nach mbeinnse beo ach seal beag gearr Is é dúirt mé léi gur chan sí an bhréag Nó go mb'fhaide do mo shaol an braon seo a fháil. Nach bhfeiceann tú éan an phíobáin réidh Go dteachaidh sí in éag den tart ar ball? Is a dhaoine cléibh, fliuchaigí bhur mbéal Nó ní bhfuighidh sibh braon i ndiaidh bhur mbáis!Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.