Á mbeinn fhéin in Aird Tí Chuain In aice an tsléibhte 'tá ‘bhfad uaim Ba annamh liom gan dul ar cuairt Go Gleann na gCuach Dé Domhnaigh
Agus och, ach Éire uilig is ó Éire lean dom agus ó 'Sé mo chroí 'tá trom agus brónach
Is iomaí Nollaig a bhí mé féin I mbun Abhann Doinne is mé gan chéill Ag iomáin ar a' trá bhán 'S mo chamán bán 'mo dhorn liom
Agus och, ach Éire uilig is ó Éire lean dom agus ó 'Sé mo chroí 'tá trom agus brónach
Nach tuirseach mise anseo liom fhéin Nach n-airím guth coiligh, lon dubh ná traon? Gealbhan, smólach, naoscach fhéin 'S chan aithním fhéin a' Domhnach!
Agus och, ach Éire uilig is ó Éire lean dom agus ó 'Sé mo chroí 'tá trom agus brónach!
Á mbeadh agam coite 's rámh D'iomarfinn liom ar dhroim a' tsnáimh 'S mé 'dúil as Dia go sroichfinn slán 'Is go bhfaighinn sé bás in Éirinn.
Agus och, ach Éire uilig is ó Éire lean dom agus ó 'Sé mo chroí 'tá trom agus brónach!Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.