Raithineach a' bhean bheag, a' bhean bheag, a' bhean bheag Raithineach a' bhean bheag, staimpí agus ím air Raithineach a' bhean bheag, a' bhean bheag, a' bhean bheag Raithineach a' bhean bheag, déanfaimid an císte.
Do chuireas mo ghearra-chaile go Barra na hAoine D'iarraidh staimpí nú cácaí mílse Nuair a tháinig sí abhaile, ní bhlaisfeadh fear a' tighe iad ‘S raithineach a bhean bheag, staimpí agus ím air.
Raithineach a' bhean bheag, a' bhean bheag, a' bhean bheag, Raithineach a' bhean bheag, staimpí agus ím air; Raithineach a' bhean bheag, a' bhean bheag, a' bhean bheag, Raithineach a' bhean bheag, déanfaimid an císte.
Tá tigh mór fairsiog i mBarra na hAoine Tá bean acu dh'á ghlanadh agus bean acu dh'á scríobadh ann Agus bean acu dh'á fhásgadh os cionn corcáin ar a díchioll, Agus seanabhean ar a corragiob dh'á leathadh ar an ngríosaigh
Raithineach a' bhean bheag, a' bhean bheag, a' bhean bheag, Raithineach a' bhean bheag, staimpí agus ím air; Raithineach a' bhean bheag, a' bhean bheag, a' bhean bheag, Raithineach a' bhean bheag, déanfaimid an císte.
Tá mná barr-fhionna i mBarra na hAoine Níl siad taitheach ar an staimpí seo scríobadh Meilid siad garbh é 's bíonn leacacha 'na chroidhe istigh 'S bíonn cluig ar a gcarbail ar feadh ló-go-n-oidhche.
Raithineach a' bhean bheag, a' bhean bheag, a' bhean bheag, Raithineach a' bhean bheag, staimpí agus ím air; Raithineach a' bhean bheag, a' bhean bheag, a' bhean bheag, Raithineach a' bhean bheag, déanfaimid an císte.
Na mná fionna fairseoga tá i mBarra na hAoine Ní gnó do chleachtaid siad staimpí do scríobhadh Bíon plúr geal na déise 'cu i gcóir na hoidhche Agus crústaí de'n tsórt sin go deó níor chuibhe dhóibh
Raithineach a' bhean bheag, a' bhean bheag, a' bhean bheag, Raithineach a' bhean bheag, staimpí agus ím air; Raithineach a' bhean bheag, a' bhean bheag, a' bhean bheag, Raithineach a' bhean bheag, déanfaimid an císte.
Nuair a ghluaisighean Máire, Siobhán agus Síle Nóra 'gus Cáit, is sásta a bhíd siad An juga ar an gclár 's an cháirt d'á líonadh 'S mo cheól go bráth sibh, a mhná, cois Aoine
Raithineach a' bhean bheag, a' bhean bheag, a' bhean bheag, Raithineach a' bhean bheag, staimpí agus ím air; Raithineach a' bhean bheag, a' bhean bheag, a' bhean bheag, Raithineach a' bhean bheag, déanfaimid an císte.
Raithineach a' bhean bheag, a' bhean bheag, a' bhean bheag, Raithineach a' bhean bheag, staimpí agus ím air; Raithineach a' bhean bheag, a' bhean bheag, a' bhean bheag, Raithineach a' bhean bheag, déanfimíd an císte.Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.