Pléaráca na Ruarcach i gcuimhne gach uile dhuine Dá dtiocfaidh, dá dtáinig, 's dá maireann go fóill Seacht bhfichid muc, agus mart, agus caora Dhá gcasgairt don ghasraí gach aon lá. Céad pháil uisce bheatha 'sna meadraí dhá líonadh, Ag éirí ar maidin is againn bhí an spóirt. Briseadh do phíopa-sa, sladadh mo phóca-sa, Goideadh do bhríste-sa, loisceadh mo chlóca-sa, Chaill mé mo bhairead 'gus m'fhallaing 'gus m'fhilead, Ó d'imigh na gairéad ar seacht mbeannacht leó! Cuir spraic ar an gcláirseach, seinn suas a' phléaráca, An bosca sin, Áine, 'gus greadóg le n-ól!
Lucht leanúna na Ruarcach a' crátha a gcleití, Tráth chuala siad tormán nó troimpléasc an cheoil; D'éirigh gach aon aca gan coisreaca óna leabaidh, Is a bhean leis ar strachailt i ngach aon chorn. Nár láidir an seasamh don talamh bhí fúthu, Gan réabadh le sodar 'is glug i ngach bróg! Saol agus sláinte dhuit, a Mhaolsheachlainn Uí Fhionnagáin, Dár mo láimh is maith a dhámhsas tú, a Mharsáil Ní Ghriodagáin! “Here's to you, a mháthair, I pledge you, God save you!” Beir ar an scála seo, scag é i do scóig. Crath fúinn an tsráideog, sín tharainn an bhánphluid, Tugtar ár sáith dúinn de lionnchoirm chóir!
A Árd-Ri na gcarad, cébi 'tchifeadh an ghasraí Ar líona a gcraicní nó ar lasa san ól! Cnáimh righe bacaird ar fad in gach scín aca, A' gearra 's a' coscairt go mór, mór; A slisneacha darach ar lasa a' gabháil frid a chéile, A' buala, a' greada, a' losca 's a' dódh. A bhodaigh, 'sé m'athair-se chuir Mainistir na Búille suas, Sligeach is Gaillimh is Caraidh Dhroma Rúisgthe fós. Iarla Chill' Dara agus Biadhtach Mhuí n-ealta, Siad d'oil agus d'altruim mé, fiosraigh so de Mhór. Tóig suas an t'ádhmad agus buail an t-alárm air, Preab ionsa táirr agus cic ionsa tóin!Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.