Is é mo chaí gan mise maidin aerach Amuigh i mBéarra im sheasamh ar an dtrá Is guth na n-éan am tharraingt thar na sléibhte cois na farraige Go Céim an Aitinn mar a mbíonn mo ghrá Is obann aoibhinn aiteasach do léimfinn Do rithfinn saor ó anbhroid an tláis Do thabharfainn droim le samallaibh an tsaoil seo Dá bhfaghainn mo léirdhóthain d'amharc ar mo chaoimhshearc bán
Is é mo dhíth bheith ceangailte go faonlag Is neart mo chléibh dá thachtadh anseo sa tsráid An fhad tá réim na habhann agus gaoth ghlan na farraige Ag glaoch is ag gairm ar an gcroí seo im lár. Is milis bríomhar leathanbhog an t-aer ann Is gile ón ngréin go fairsing ar an mbán 'S ochón, a ríbhean bhanúil na gcraobhfholt Gan sinne araon imeasc an aitinn mar do bhímis tráth!Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.