Go deo deo arís ní rabhadh go Cashel Ag díol ná ag reic mo shláinte Ná ar mhargadh na saor im' shuí cois dalla Im' scaoinse ar leataoibh sráide. Bodairi na tíre ag thíocht ar a gcapaill Á fhiafraí bhfuilim híréalta Ó téanam chun siúil tá an cúrsa fada Seo ar siúl an spailpín fánach.
Im' spailpín fánach fágadh mise Ag seasamh ar mo shláinte Ag siúl an drúchta go moch ar maidin 'S ag bailiú galair ráithe Ach ní fheicfear corrán im' láimh chun bainte Súist na feac beag rámhainna Ach “colours” na bhFrancach os cionn mo leapa Agus píc agam chun sáite.
Go Calainn nuar a théim ‘s mo hook im' ghlaic Bím ansúd i dtosach gearrtha 'S nuair a théim go Dulainn 'sé an liú bhíonn acu 'Seo chugaibh an spailpín fánach!” Cruinneoidh mé ciall 's thriallfad abhaile Is cloífead seal léim' mháithrín 'S go brách arís ní ghlaofar m'ainm Sa tír seo “an Spailpín Fánach.”
Mo chúig céad slán chun dúthaí m'athair 'S chun an Oileán ghrámhair 'S chun buachaillí na Cuach, ós dóibh nár mhiste In aimsir chasta an gharda ann Ach anois ó táimse im thráill bhocht dealámh I measc na dúthaí fáin seo 'Sé mo chumha ó chroí mar fuair mé an ghairm Bheith riamh im' spailpín fánach.
Is ró-bhreá is cuimhin liom mo mhuintir bheith sealad Thiar ag Droichead Gáile Faoi bhuaigh faoi chaoire, faoi laoich bheaga gheala Agus capaill ann le háireamh Ach b'é toil Chríost gur cuireadh sinn astu 'S go ndeachamar i leith ár sláinte 'S gurbh é bhris mo chroí i ngach tír dá rachainn “Call here, you spailpín fánach!”
Dá dtagadh an Francach anall thar caladh 'S a chamtha daingean laidir Is Buadhach Ó Grada chúinn abhaile Is Tadhg bocht fial Ó Dálaigh Do é bheadh barracks an rí ánsan dá leagadh Is yeomen againn dá gcarnadh Clanna Gall gach am ánsan dá dtreascairt Sin cabhair ag an spailpín fánach.Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.