Do ghluais an bathlach beag tóstalach 'gus póitín á fhreastail ar chórd aige A d'iarraidh leanna chun cóisire Chun iad a chur ar na stárraibh Ar a theacht abhaile trí Bhóthar Tuir 'Is póitín á fhreastail ar chord aige Do thit an canna 'r a thóin ar a' lic 'Is siúd a chuid leanna chun fána
Deaidí ol, srl.
Do bhuail a' bhosa go deorach dubh 'Is dúirt “Táim creachta go deo leis sin” Nuair a bhí a channa gan tóin aige 'S gan braon sa bhaile ach bláthach. Do bhuail a' bhosa go cráite ansin, 'Is dúirt “Táim creachta go brách leis sin, Ar chuairt in aisce atáim anois, Gan chlú, gan ainm, gan árthach.”
Deadí ol, srl.
Bhí fuaim an asail mar cheol acu 'Is dríodar phráisce dá ól mar phuins Rírá ag bacaigh le mórtais ann 'Is nach orthu bhí an éirí in airde? Bhí Síle Shalach mar chócaire 'Is feoil ghabhair ghleabaigh á róst ar bhior, Go bhfaighe sí bolaithe dreoite uirthi Ó bheith ina craiceann le ráithe.
Deadí ol, srl.
Do ghluais an ghasra ar sheol go moch 'Is ní raibh capall ná cóiste acu Ach fotharaga chun pósa orthu 'Is iad ag dul go Cill Áirne. Do bhuail an sagart sa ród iompú 'Gus dóibh do bheannaigh go córach glic “Téigh abhaile 'gus tógaidh tigh 'Is cuirígh bhur gcapall ar stábla.”
Deadí ol, srl.
“Go deimhin a athar ní cóir duit sin 'Is ní dóch' go nglacfainn do comhairle anois Ach téanam cois falla 'gus póirse linn 'Gus béirfimid cnagaire lán duit.” Do ghlac sé fearg 's ba mhór a phluic “Ní rachad cois falla ná póirse libh, Faigh bhur gcaille 's bhur rogha fir 'Is pósfadh ar bholg na sráid iad.”
Deadí ol, srl.Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.