Oró, sé do bheatha abhaile, Oró, sé do bheatha abhaile, Oró, sé do bheatha abhaile Anois ar theacht an tsamhraidh.
Sé do bheatha, a bhean ba léanmhar, Do ba é ár gcreach tú bheith i ngéibheann, Do dhúiche bhreá i seilbh méirleach, Is tú díolta leis na Gallaibh.
Oró, sé do bheatha abhaile, Oró, sé do bheatha abhaile, Oró, sé do bheatha abhaile Anois ar theacht an tsamhraidh.
Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile, óglaigh armtha léi mar gharda, Gaeil iad féin is ní Gaill ná Spáinnigh, Is cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh.
Oró, sé do bheatha abhaile, Oró, sé do bheatha abhaile, Oró, sé do bheatha abhaile Anois ar theacht an tsamhraidh.
A bhuí le Rí na bhFeart go bhfeiceann, Mura mbim beo ina dhiaidh ach seachtain, Gráinne Mhaol agus míle gaiscíoch, Ag fógairt féin ar Ghallaibh.
Oró, sé do bheatha abhaile, Oró, sé do bheatha abhaile, Oró, sé do bheatha abhaile Anois ar theacht an tsamhraidh. [x2]
Is fearr liom tu ná céad bo bainne Óró sé do bheatha a bhaile, Anois ar theacht an tsamhraidh
Abhaile [x5] Anois ar theacht an tsamhraidh Abhaile [x3] Anois ar theacht an tsamhraidh.Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.