I ngleanntaibh séimhe na héigse a bhím I bhfanntais péine i ngéibh' gach laoi An tseanbhean ghlé ba bhéasach gnaoi Do scanraigh mé, pé in Éirinn í Pé in Éirinn í
Ní thráchtaigh mé ar chéile Naoise A thug ár na nGael ar théacht don Chraobh Ná an bháb on nGréig a chéas an Traí Le grá mo chléibh, pé in Éirinn í Pé in Éirinn í
Is breá, deas, dréimeach, réidh a dlaoi Go barr an fhéir ina slaod ar bís A tláthfholt réidh de dhealramh a flíos Ar ghrá mo chléibh, pé in Éirinn í Pé in Éirinn í
Is cásmhar, taodach, déarach a bhím Go cráite, créimeach, céasta ón mhnaoi Is fánach, faon fan chéill ar baois Le grá don bhé, pé in Éirinn í Pé in Éirinn í
Le barra mo mhéar ní léar dam scriobhadh 'S im theangain, mo léann, níl Béarla cruinn Ní blasta mo théacs, i nGaolain chaoin Le n-a molfainn mo bheith, pé in Éirinn í Pé in Éirinn í
Ar nóin nuair a théim ar thaobh Suí Finn Faoi bhrón i gcéin is gan aon de mo bhuíon Cé sheoladh Aon Mhac Dé i mo líon Ach stór mo chléibh, pé in Éirinn í Pé in Éirinn íTeksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.