Ar gcualabhair-se cúntas ar Bheauty deas an Oileáin? Do tháinig si chughainn go cúmtha ó Bhaile 'n Chaisleáin Tharraing si cliú le criú maith fear ar an dtráig Is go bheirim na cúmha gur le lúth a thógann sí an rás
Do tháinig na brútaigh chughainn in aistir thar Mám Do dheineadar criú is iad siúd do phriocadh as gach áit Nuair a chuireadar sa tsiúl i gcúrsa fada na trá Ba chosúil le biúgal a múchadh 'bhí ag fliuchaidh na mbráid
Nuair a chonacsa chugamsa mo Bheauty teacht orm ón áth 'Siad ag iomairt go gleoite i gcomhtharrac lena dhá láimh Níor chuireas mo shúil dá criú nó go bhfaighidís an lá Mar bhi fear ins an Óinsigh ag cúlú is an cuid eile ag sáthadh
Ní ar logáin na ngéann do dheineadh sinn do thraenáil Ná ar na hoileánaibh rua 'tá thuaidh fé bhun Imileá Ach ar fharraigí féidhne go dtéann dos na lachain a shnámh 'Snár mhagúil a dtuairim go mbuafaidís orainn an rás?
Casadh mé ar mo shiúlta go Dún Chaoin tamall de lá Ní rabhas im chónai ann ach i gcónai ag seasamh na bpáirt Do chritheas le scanradh is le hamhras go raighdís im bhráid Is d'ainneion am domhain tá rogha na fear maith san oileán
Tréis a bhfuil ráite ní shásaíonn sé m'aigne fós Nó go gcroithe sibh lámh liom 'á rá gur mo achaine gheobhad Mar nuair a thiocfaidh an bás is gan cairde agam-sa níos mó Go dtabharfadh sibh mo chnámha thai sáile marbh nó beo
Is a Hairtní fáinne ór ar gach orlach go marraí do mhéar A mhic na dea-mháthair nár cáineadh is nar fhéadfadh riamh é Mar tá siad a rá gur tú máistir toghtha na saor Mo chara do lámh dheas, 'sí sás í ag déanamh na naobhTeksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.