Éist le ceol binn na farraige Siúl thart fán chladaigh Éist le ceol binn na farraige Siúl thart fán chladaigh An áit a mothaíonn túsa suaimhneas An áit a mothaionn túsa ciúnas
Ag éisteacht leis an taoide, amach is isteach Fuaim na gaoithe dóchas beo Lig do shúile síneadh go bun an aeir Féach anois tá sólás ag mo chroí Amharc amach ar an fharraige Gan comhrá na comhairle ar an trá bhán An áit a chím gorm glas an uisce An áit a chímse tonnaí ag damhsa romham Ag éisteacht leis an taoide, amach is isteach Fuaim na gaoithe dóchas beo Lig do shúile síneadh go bun an aeir Féach anois tá sólás ag mo chroí Éist le ceol binn na farraige Luath leat fhéin ar maidin An áit a mbíonn cumhacht luí na gréine An áit a mbíonn draíocht dheireadh an lae Ag éisteacht leis an taoide, amach is isteach Fuaim na gaoithe dóchas beo Lig do shúile síneadh go bun an aeir Féach anois tá sólás ag mo chroí Éist le ceol binn na farraige Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa. |
|