Rachaidh mise suas le Gardaí 'n Rí Agus bhéarfa' mis' anuas ar láimh liom í Nach mise ' chuirfeadh cluain ar a báin-chnios mín, Agus bhéarfaidh mé go Tuaifín grá mo chroí
Curfá: Tógaigí suas ar ghrua-mhín an iomair' í Lasadh ina grua agus bua gach duine léi 'Ghiolla 'tá gan ghruaim a chuirfeadh cluain ar an iomadaigh Nach é mo scéal truaighe mar ' luaidheadh mise leat
Níl mise tinn agus níl mé slán Is ró-mhór m'osna is ní fhéadaim a rá Nuair a smaointím ar an uair úd a bhí mé 's tú, a ghrá Guail' ar ghualainn agus lámh ar láimh
Galar claoite ' choíche 'n grá 'S mairg ar a mbíonn sé oíche ná lá Cé gur crua 'n rud a' tsnaidhm 's nach scaoiltear í go brách O 's, a chomrádaí dílis, go dté tú slánTeksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.