'S a Johnny Seoighe, tuig mo ghlór, 'S mé ag tíocht le dóchas faoi do dhéin, Mar is tú an réalt eolais is deise lóchrann As mo shúil ag teampall Dé Is tú bláth na hóige is deise glórtha Dár leag mo shúil air ó rugadh mé, Agus as ucht Chríost tabhair dhom “relief” Nó go gcaitear Oíche an Nollaig fhéin.
Agus lá arna mhárach sea fuair mé an páipéar Nach mé bhí sásta 'gus mé goil an tsiúil Ní bhfuair mé freagra ar bith an lá sin Ach mé fhéin 's mo pháiste bheith amuigh faoin drúcht Tá mé bruite, óra sciúrtha, feannta Liobraithe gearrtha ag neart a' tsiúil 'S a “Mhister Joyce” tá an “workhouse” lán Is ní ghlacfar ann aon neach níos mó.
Is nach mór an chliú do bhaile Charna, An fhad 's tá an lánúin seo ag goil thríd Mar is deise is breáichte scéimh na mná Ná an “Morning Star” nuair a éiríonn sí Tá an bhanríon tinn is í go lag ‘na luí Is deir dochtúirí go bhfaighidh sí bás, Sé fios an údair de réir mar a deir siad liomsa, Nuair nach bhfuil sí pósta ag “Mister Joyce.”Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.