Ar a dhul go Báile Átha Cliath domh an chéad lá den tseachtain Casadh cailín óg domh a dtug mé mor-chean dí is taitneamh. D'fhiafraigh sí i nglór chiúin domh: “cá gcónaíonn tú, a shearc-rúin?” “‘Is gur i dTuaifín atá mo lóistín is m'áit chónaí le fada."
“Ainnir na ndual buí, cén taobh dínn a mbíonn tú? Níl aithne agam fhéin ort nó ag éinne sa tír seo.” “Tá dáth na cré orm, na gréine is na gaoithe Tráthnóna Dé Domhnaigh a tógadh sa bhruín mé.”
“Céist agam fhéin ort ós tú is deireannaí a d'fhág an baile Goidé mar atá do chéile nó an féidir go maireann?“ Tá sí tinn tréith-lag i bhfíabhras na leapa Agus mise le trí ráithe ag na liaigh á mo chreachadh.”
“Char mhiste duit fhéin é dá dtéadh sí faoi thalamh? Gheofá bean is spré léi, dúiche shaor agus fearann Bheadh airgead i do phócaí is ór buí le scaipeadh Agus Máire an Chúil Óir Bhuí le bheith ag cóiriú do leapa.”
“Annir na ndual buí ná hiarr thusa mo mhealladh Tá muirnín lag óg orm is níor fhóir sé domh scaipeadh Níl airgead i mo phócaí ná ór buí le scaipeadh Is ní bhfaighidh mé an taobh chéile domh fhéin chun mo leapa.”
Shiúlfainn oíche is lá leat is ceithre cearna na hÉireann Rachainnse chun na Spáinne le mo ghrá geal dá bhféadfainn Mo lucht gaoil agus páirte go bráth bráth go dtréigfinn Dá dtabharfá aon phóg amháin domh is a rá gur leat fhéin mé.Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.