Ó chuaigh mé seal tamaill-se ar cuairt Gur bhreathnaigh mé uaim an spéir Ó thart fá na hoileáin de ruaig Mar eilit is cú ina diaidh
'Sé deireadh gach duine fán chuan Nuair a tháinig mé anuas fán ché “Ó aithním go maigh ar do ghruaim Gur fear thú a bhfuil tóir ina dhiaidh.”
Ó casadh domh cailín deas óg Ach má casadh is sí a labhair go géar “Más fear thú a bhain dó mhnaoi óig Ní mholaim go mór do cheird.
“Ó chonaic mé fear ar tír mór 'S é ag imeacht gan a bhróig inné Is dóigh liom gur tusa an fear óg A bhfuiltear sa tóir ina dhiaidh”
Ó d'fhreagair mé an ainnir dheas óg Mar ghlac sí go mór mo scéal “'S atád tusa a' do mhagadh níos mó Ná ní duine den tsórt sin mé.
“Ach druid thusa anall a mo chomhair 'Gus stad de ghlór gan chéill Nó rachaidh mé os coinne mo shróin' Amach ar tír mór de léim.”
Nuair a thit muid chun tuirse 's chun bróin 'Sé a d'fhiafraíos den óigbhean chiúin Cá h-áit a bhfaighfí gloine le hól A thógfas an brón seo dínn?
“Ó tá teach beag ar leataobh an róid Agus coinníonn sé i gcónaí braon Gabh thusa agus rapáil ar bord Is ní dhíolfaidh do phócaí aon phingin.”
Nuair a chuaigh muid isteach i dtigh an óil Ó b'fhaiteach go leor muid suí Ar fhaitíos 's go dtiocfadh an tóir Is go mbainfí an óigbhean díom.
Nuair a fuair muid gach ní mar ba chóir Dúirt mise gur chóir dúinn siúl Ach sé dúirt sí, “Bí thusa a' ghabháil cheoil Is ní dhíolfaidh do phócaí aon phingin.”
Ó ní raibh mé i bhfad ag gabháil cheoil Gur chruinnigh an t-aos óg chun tí Bhi gach duine is a juga ina dhorn Le comóradh a thabhairt don dís.
Bhí biotáilte fairsing go leor Is gan mórán á ól sa tír Ach dá n-ólfainnse galún Uí Dhomhnaill B'fhurast mo scór a dhíol.Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.