Le Máirtín Ó Direáin
I mo aonar dom aréir I mo shuí cois mara An spéir ar ghann chuid néal ' S an muir is tír faoi chalm. Do chumhraíocht ríonda A scáiligh ar scáileán m’aigne Cé loinnir deiridh mo ghrá duit A shíleas bheith in éag le fada.
Ghlaos d’ainm go ceanúil Mar ba ghnách liom tamall ' S chuala scread scáfar Ó éan uaigneach cladaigh. Maith dhom murab fhál leat fiú Do scáth dhil im’aice Ach bhí an spéir ar ghann chuid néal ' S an muir is an tír faoi chalm. Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa. |