An bhfaca tú mo Shéamuisín? Mo stóirín óg, mo bhuachaillín. An bhfaca tú mo Shéamuisín? Is é ‘gabháil síos an bóthar.
Níl bróg ar bith ar a dhá choisín. Ar a dhá choisín, ar a dhá choisín. Níl bróg ar bith ar a dhá choisín. Níl caipín air ná clóca.
Ag dul ar scoil tá Séamuisín Mo stóirín óg, mo bhuachaillín Ag dul ar scoil tá Séamuisín ‘S a leabharín buí sa phóca.
Ar a dhroim tá máilín beag Tá máilín beag, tá máilín beag Ar a dhroim tá máilín beag 'S a lóinsín ann is dócha.
Do rugadh é i Móin a Lín Ag bun an chnoic i nead éinín Do rugadh é i Móin a Lín In aice le Bun Dóite.
Ó grá mo chroí mo Shéamuisín Mo stóirín óg, mo bhuachaillín. Ó grá mo chroí mo Shéamuisín Ar maidin is tráthnóna.Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.