Tráthnóinín fhomhair ar leathtaoibh a róid Do dhearcas an óig-bhean mhóthmharach deas Comh blasta is cóir do leabhair a beól Ó téanam ag ól agus díolfhaid-sa as
Agus bímis ag ól, is ag ól, 's ól Bímis ag ól is ag pógadh na mban Bímis ag ól is ag rince le ceol Is nach aoibhinn an gnó bheith á bpógadh gan tart.
Bhí tábhairne san áit, gan mhoill orainn dul sall I gcomhluadar galánta ag diúgadh gan stad Puins dúinn ar bord is ea d'ordaigh mo stór Agus bímis go ceolmhar go nglaofaidh an coileach
Agus bímis ag ól, is ag ól, 's ól Bímis ag ól is ag pógadh na mban Bímis ag ól is ag rince le ceol Is nach aoibhinn an gnó bheith á bpógadh gan tart.
Bhí an Spéirbhean lem'ais go luisnitheach geal A beola caordhearg, braon branda ina glaic Do phógas á beól is gur fonnmhar a póg “Tóg bog é, a stúmpa, nó díolfaidh tú as!”
Agus bímis ag ól, is ag ól, 's ól Bímis ag ól is ag pógadh na mban Bímis ag ól is ag rince le ceol Is nach aoibhinn an gnó bheith á bpógadh gan tart.
Bhuail fear liom inné is é ag ól cupán tae Is é a bhí go tréith agus breoite go maith Dá n-ólfadh sé taosc de phoitín Chúil Aodhán Níorbh fhada dó ag léimt is ag tóraíocht na mban
Agus bímis ag ól, is ag ól, 's ól Bímis ag ól is ag pógadh na mban Bímis ag ól is ag rince le ceol Is nach aoibhinn an gnó bheith á bpógadh gan tart.
Sinn sínte go sóch tar éis ionad den ól Ach ar buile a dó, ar an ndoras do bhuail cnag An Sáirsint ar toir, barántas ina dhóid Ach d'éalaigh gach geocach thar clathacha amach
Agus bímis ag ól, is ag ól, 's ól Bímis ag ól is ag pógadh na mban Bímis ag ól is ag rince le ceol Is nach aoibhinn an gnó bheith á bpógadh gan tart.Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.