M′osna trí Luimnigh, Connacht agus Cléir le cumha, Go Corcaigh na loingeas, agus thar tonnaibh dhá dtéinn de shiúl, Ár gcróbhaire choimhthígh, fear ionaid na laoch 'fuair clú, Go tearmann luige agus na cruinne go léir san úir, San úir ó San úir ó Clú agus ceannas bhí agat ón Rí nglórmhar, A bhí ar do ghacaibh i ngan fhios do rí cóige, Níl tuath ná cathair fé bhrataibh ag Rí Seoirse Ná gur dubhach an t-easpa is a mbailte go síorbhrónach Brónach ó Brónach ó Is brónach atuirseach ó Cheachainn go Léim Lárach, ′S is buartha Banba ó Chaiseal go Béal Bearnais, Tá dúthaigh Charibre ar lasadh gan scéimh áthais Is mo chumhasa Ráth Chana gur cailleadh ár laoch láidir. Láidir ó. Láidir ó. Ba láidir choimhthígh ár gcuspa is ba leathan lúfar, A mharcaigh na gcumann, go gcritheadh an talamh fútsa, Ní raibh eagla dlithe ná clipeadh ar do bhaile dhúchais, Ach id charaid mar Oscar a chuireadh na creacha ar gcúlaibh Dubh ó Dubh ó Is dubh dorcha faoi scamallaibh tá na spéartha chughainn, 'S níl easpa ná uireasa ar chnocaibh ná ar shléibhte dubha Ach i gcogadh na ríthe gur mhinic an t-eirleach súd Is m'osna trí Luimnigh tusa go tréith san úir.Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.