Déine a Chríosd mo choimhéad Cur red chlú ní chuala Fam thaobh is tráth síodha A chraobh go mbláth mbuadha! A leinbh do bhí i mBeithle Bíse dom dhíon Dia Luain lá na coinne Cóir mo bhuain a baoghal A rí tar fheirg Bí ag seilg ar ar saoradh! Dia Máirt a ghrádha Nar ghabh guais re gonaibh Gér gnáth gach rí Bí tar chách im chobhair! Fóir mo chás sa Chéad-aoin Ná ceil oram t′fhiortha Maith dún fhuil an ochta Cuir ar gcúl mo chionta. Dardaoin a Dhé Athar Ní hoircheas ar n-éara Led dhíol as tuar tnúdha Bual ar ár síodh séala. Bí ar mo thaobh a Thríonóid Os tú tóir an taoibhe Cóir nach uainne Fóir oirne san Aoine. Dia Sathairn saor mise, Mó an ghuaiseacht óm ghníomhaibh Ná hiarr cóir id chánaigh Dóigh riamh ar na ríoghaibh. Fóir mé, a Mhic an Athar, A aoin-Mhic as airde Dod ghuin go bhfáth feirge Ar chách ná cuir cairde.Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.