Cíorann an bás an gleann gach bliain Is tógann creach Ó Chúm na nÉag na tuillte comhrann Fán Sulán soir Díríonn méar is buaileann buille Is tógann leis óg is sean Ceol is spórt is clisteacht céirde Gaois is crois maith, cion is féile Subháilcí na sean go mear sa chré leis. Tá coiscéim na gúise mar thóirneach ar mhaol chnuic San Ínse Mhór is alpach a theacht Is Ré na bPobal ag eascar glas Fíon 'a ól de dhroim bó seasc Is caoire bána an sliabh amach. Áitreamh éan - cearca fraoigh is naoscaigh Na daoine imithe nó ag imeacht 'na dtréan-shruth. I gcliabhán na haigne A'taithneamh fe ghrian na hóige Tá imeachtaí, eachtraí A bhí, is ná beidh arís níos mó. Lá bainte na mona ar mhullach an Scrithin Grian Aibreán ag árdú, Meitheal fear 'na leinte geala Bainc á nglanadh Sleain, picí agus sceanna féir i bhfearas Allas ar dhoinne 's ar dheirge a ngruadh Comh-obair, comh-oilte, comhdhaoine. Nó sábháilt an fhéir san Doirín Áluinn Grian an Mheithimh is na scamaill ar luas Is a scáileanna 'á dtarrac de dhroim na gcnoc anuas; Geamhair 'na ghlas-muir de thonnta righne, Is gréasán airgid ar ghormloch. Trathnóntaí feanaideach' ag piocadh prataí Ramhainní ag preabharnaigh sna h-iomairí thíos' Staisiún le hól, amhráin go maidean Comhghreann, comhchomhrá, comhdhéanamh reanna. Sin í an chreach a thógann an bás leis An cnagaire sanntach ó dhoras is doras Ní h-eisceacht éinne, níl tig nár réabadh Sa reilg tá stór i dtaisce 'gainn go léir.Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.