Katalog:  A   B   C   D   E   F   G   H   I   J   K   L   M   N   O   P   Q   R   S   T   U   V   W   X   Y   Z   0   1   2   3   4   5   6   7   8   9 

I / Iarla Ó Lionáird / Aililiu Na Gamhna


Iníon d'aoire mé féinig gan amhras
Do bhíodh ina chónaí cois taobh na leamhna
Bhí bothán agam féin ann is fuinneog i gceann de
‘S fad a bhíodh an bainne ag téamh agam 'sea ghlaofainn ar na gamhna

Aililiú na gamhna, na gamhna bána
Aililiú na gamhna, na gamhna b'iad a b'fhearr liom
Aililiú na gamhna, na gamhna geala bána
Na gamhna maidin Shamhraidh ag damhsa ar na bánta

Faightear dom canna agus faightear dom bhuarach
Is faightear dom soitheach ina gcuirfead mo chuid uachtair
Ceolta sí na cruinne bheith á síor-chur im' chluasa
Ba bhinne liomsa géimneach na mbó ag teacht chun buaile

Aililiú na gamhna, na gamhna bána
Aililiú na gamhna, na gamhna b'iad a b'fhearr liom
Aililiú na gamhna, na gamhna geala bána
Na gamhna maidin Shamhraidh ag damhsa ar na bánta

Rachaimid ar an aonach is ceannóimid gamhna
Is cuirfimid ar féar iad amach ins na gleannta
Íosfaidh siad an féar is barr an aitinn ghallda
Is tiocfaidh siad abhaile chun an bhainne i gcóir an tsamhraidh

Aililiú na gamhna, na gamhna bána
Aililiú na gamhna, na gamhna b'iad a b'fhearr liom
Aililiú na gamhna, na gamhna geala bána
Na gamhna maidin Shamhraidh ag damhsa ar na bánta
Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.
Szukaj MP3
· Iarla Ó Lionáird - Aililiu Na Gamhna
· Konwertuj video do MP3
· Konwertuj video do MP4

Nowe Teledyski
 · Sabrina Carpenter - Please Please Please
 · Ariana Grande - The Boy Is Mine
 · Billie Eilish - Chihiro
 · Kizo, Bletka - Na Brzegu
 · Popek - 2024 Lato
 · Eminem - Houdini
 · Topky - Kto Wkurzy Cię Jak Ja
 · Kubańczyk - Bukiet Róż
 · Oskar Cyms - Cały Czas
 · Skolim, Divix, Hellfield - Bebecita
 · Bayera - Zakochać Się
 · Dedis - Zagubione Dziecko
 · TKM - Queen
 · Daj To Głośniej - Pilnie Oddam Gruz
 · Kubi Producent Ft. Szpaku, Tulia - Pusty Pokój, Ale Płyty Diamentowe
 · Alan Walker, Kylie Cantrall - Unsure
 · Modelki - Hifi (7 Bieg)
 · Doda, Smolasty - Nie Żałuję
 · Defis - Tylko Dla Takiej
 · Billie Eilish - Lunch

Wszelkie prawa zastrzeżone. Powered by © 2004-2024 Teledyski.info || Polityka cookies || Darmowe Mp3 || Zgłoś błąd

[ darmowe teledyski do oglądania ]