Is aréir ag tíocht ón tórramh dhom 'sea dhearc mé stór mo chroí Mo chreach agus mo chrá mór ní sa mbaile a chaith mé an oíche Tá arraing ag góil trasna thríom is í 'g cónaí i lár mo chroí Is a stór mara dtéigh tú abhaile liom, 's ní mhairfidh mé beo mí.
Is tháinig Tomás Bán ar cuairt agam 's mé in uaigneas liom fhéin Séard adúirt sé ná bíodh buaireadh ort ná rud ar bith mar é Sí do chúilín catach a mharaigh mé 's mar gheall ort crochfar mé 'S gur measa liom naoi nuaire thú, ná an mháthair atá i mo dhiaidh.
Ó is a Thomáis Bháin Mhic Aogáin sé mo léan thú dhul i gcill Cérbh íonadh liom do mháithrín bhocht tá go brónach in do dhiaidh Dhá mbeitheá ar leaba an bháis aici cér chás di thú bheith tinn Ach do chróchadh as na saltrachaí 's an bháisteach le do dhroim.
Ó is a Thomáis Bháin bí cinnte 's tú searc is rún mo chroí A Thomáis a dtug mé gean dhuit seachas féaraigh óg an tsaoil Crochfar thú bí cinnte mara bhfuil ag grásta Dé 'S a Dhia nach mór an feall é an planda breá mar é.
Is tá cuireadh go Cill Chainnigh orm agus caithfidh mé dhul ann Beidh ann na seisiúin ceathrúna idir Gaeil agus clainne Gall Ní dhaorfar ann ach beirt éicint agus crocfar iad mo léan Mar tá Tomás Bán Mac Aogáin 's Mac Uí Mhaoláin lena thaobh.Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.