Is tá na páipéir dhá saighneáil Is tá na saighdiúir ag dul anonn Is tá na drumadóirí aoibhinn aerach Is clanna Gael ag dul go tír na long Dá mbeadh agam is dhuit a bhéarfainn Ó céad is dhá mhíle bó Mar chúntar is mé bheith in éineacht leat Ag gabháil go Contae Mhuigheo.
Is nuair a luím san oíche Sí m'osna a bhíonn trom Is nuair a éirím ar maidin Sí mo phaidir mo dheoir Tá ghruaig mo chinn a' titim Is ag imeacht ar nós an cheo Le cumha 'do dhiaidh 'mhíle stóirín Is ní bheidh mé i bhfad beo.
Is nuair éirím-sé amach go huaigneach Is breathnaím uaim ar an gcnoc úd thall 'Sea smaoiním ar do chúilín dualach A rinne gual dubh do mo chroí im lár Tá mo chroí istigh 'na leaca gual dubh Is fear mo thrua níl ach Rí na nGrást Ach pé'r bith cailín óg a bhéarfas uaim thú Go síntear siar í i gcónra chláir.Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.