Nach mise an trua Mhuire a' dul ar charraigín an fhásaigh Ag gol is ag gártháil is ag déanamh bróin, Ag oiliúint mo linbh ar bhacán mo láimhe Gan fiú an braon bainne a'am a bhéarfainn dhó.
Níl mé ach go tréith lag, is níl maith dhá shéanadh Níl mé ar aon nós ach mar an gceo. Tá fuil mo chroí istigh dhá shilt na bhraonta Is a Dhia cén t-ionadh i ndiaidh mo mhíle stór.
In aois a 16 sea fuair mé fhéin í Is nár dheas an féirín í ag fear le fáil Ach a stór ó chléibh 's tú a d'fhág liom mé Is a chuaigh sa gcré is tú in do chailín óg..
Muise b'fhearr liom go mór mór i mo dhiaidh san ród í Ag bleán mo bhó dhom nó i mbun mo thí Ach saibhreas Sheoirse is é a fháil faoi stróinse Fhaid is gur faoin bhfód a chuir mé stór mo chroí.Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.