Is ó goirim goirim í Agus goirim í mo stór ‘Sí míle grá le m'anam í ‘Sí Peigín Leitir Mhóir.
Tá caoire agam, ‘s tá Cáit agam ‘Sí Peig an bhean is fearr Pé'r bith fear a gheobhas í Nach air a bhéas an t-ádh!
Is ó goirim goirim í Agus goirim í mo stór ‘Sí míle grá le m'anam í ‘Sí Peigín Leitir Mhóir.
Chuir mé scéala siar aici Go gceannóinn dí bád mór ‘Sé ‘n scéala chuir sí aniar chugam Go ndéanfadh leath-bhád seoil.
Is ó goirim goirim í Agus goirim í mo stór ‘Sí míle grá le m'anam í ‘Sí Peigín Leitir Mhóir.
Tá iascairí na Gaillimhe ‘S iad ag teacht anoir le cóir Le solas gealaí gile Nó go bhfeicidis an tseoid.
Is ó goirim goirim í Agus goirim í mo stór ‘Sí míle grá le m'anam í ‘Sí Peigín Leitir Mhóir.
Éirigh suas a Pheigín Agus seas ar bharr an aird Comhair do chuid bullán Agis féach an bhfuil siad ann
Is ó goirim goirim í Agus goirim í mo stór ‘Sí míle grá le m'anam í ‘Is gearr go mbeidh sí mór.Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.