Ó, is nach iomaí maidin Domhnaigh 'raibh mé súgach deas go leor Dul soir ar mo luichtín móna is dhá chúrsa mo sheol mór Níor ghéill mé riamh do mhúr ar bith dhá dhomhanta dá mbeadh ceo Nó go dtéinn ag caint le plúr na mban a bhíodh romham sa mbaile mór.
Is nuair a imeos mé as an tír seo is nuair a díbreofar mé as m'áit Caithfidh mé oíche ina Maoinis 's dhá oíche san Trá Bháin Ar fhilliúnt ar ais arís dom beidh mé oíche in Uachtar Ard As mara bpósfaidh Máire Ní Ghríofa mé 's ní fhillfidh mé go brách.
Ó, 's mo ghrá thú, 'Mháire Ní Ghríofa, is tú an rí-bhean thar na mná Níor iarr mé riamh an cnaigín ort nach líonfá dhom an cárt Nuair a théinn isteach á íoc leat ní dhéanthá dhíom ach greann Ó, is ní scarfaidh mo ghrá-sa choíche leat go dtí an Geimhreadh tar éis mo bháis.
Ó, 'gus gearraigh amach mo chónra dhom as íochtar togha na gclár Is má tá Seán Ó Cadhain i Maoinis bíodh sí déanta uaidh na láimh Bíodh mo chaipín is mo ribín istigh inti is iad go ró-dheas ar mo cheann Is nach bhfuil triúr ban óg i Maoinis le mé chaoineadh ós cionn cláir.Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.