Ó, is ar an mbaile seo sea chonaic mé an t-íonadh Ar Dhonnchasa Bán bocht is é dhá dhaoradh Bhí caipín ban air in áit a hata Agus roisín cnáibe in áit a charabhata.
Agus tá mé 'tíocht ar feadh na hoíche Mar 'bheadh uainín imeasc seilbh mhór caorach Mo bhrollach oscailte 's mo cheann liom sínte Is cé bhfaighinn mo dhriotháirín romham ach sínte.
Ó chaoin mé an chéad dreas ag gob na locha An dara dreas ag bun do choirp-sé An tríú dreas os cionn do choirp-sé I measc na nGall is mo cheann dhá scoilteadh.
Ó, is a Dhonnchadh Bán bocht, a dhriotháirín dílis Is maith atá fhios a'm-sa céard a bhain díom thú Ag ól an chupáin is a' deargadh an phíopa Is ag siúl na drúchta le ciúine na hoíche.
Is tá spré Dhonnchadh Bán ag tíocht abhaile Ní bó, caoirigh é na capaill Ach tobac is píopaí 'gus coinnle geala Is ní dhá mhaíochtáil é ar lucht an chaithimh.Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.