Is chuala chuile fhear agaibh trácht ar an scéal A rinne muintir na Céibhe ar chaoirigh na Japs Nuair a ruaig siad ar maidin iad roimh éirí na gréine Is go ndeacha siad ar féarach ó thuaidh de Belfast.
Daoine an-chneasta 'sea muintir na Céibhe Is ní fhéadfaidis éisteacht le tréad ghalar scraith Is nuair a chuir muid fhéin ár n-intinn le chéile Go ndéanfadh muid ball séire le ”sauce” an trespass.
Nuair a chuala na fearaibh trácht ar an scéala D'fheistigh siad fhéin a gcuid capall amach Is dhá bhfeicfeá-sa ag imeacht iad chomh teannta' le chéile Is bhí pónaí Tom Kane ann as lár Chnoc an Dail.
Séard adúirt fear liom a bhí thuas ag Loch Éirne Go bhfaca sé fhéin iad ar aonach Chluain Meal' Séard adúirt fear eile a bhí i gCinn Mhara ar a théarma Go bhfaca sé féin iad ó thuaidh de Loch Measc.
Séard adúirt mairnéalach a bhí ag dul aniar ar an gCunard Gur casadh dhó fhéin iad ag dul siar ag na Banks Is go raibh sé san aimhreas, mara n-éiríodh aon cheo dhóibh Go ndéanfaidis gan stró é isteach go Greenland.
Séard adúirt fear liom a d'fhága Dakota Go raibh siad i dteach ósta ann ag caitheamh cigars Bhí siad ag breathnú go raibh siad an-óltach Is bhíodar a' trácht ar dhul don Aifric ó dheas.
D'fhág siad an Aifric agus chuaigh siad go Dover Agus d'ith siad an clover a bhí ag fás ins an bhFrainc Chuaigh siad siar an Atlantic is aniar an Mediterranean Go dtáinig siad i dtír sa gcaisleán isteach.
Frítheadh ansin iad i ngarraí Tom Mhary Ag ithe féir is cabáiste ghlas Bhí uan ag an Scotch agus cúpla ag na réithe Is tá fhios agaibh fhéin cén chaoi dtáinig siad as.Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.