Is céad slán don oíche aréir Sé mo léan géar 's nach é anocht a tús Leis an mbuachaillín spéiriúil A bhréagfadh mé seal ar a ghlúin Mar gur chuir tú orm tréada A mhíle grá geal is ní leatsa mo rún Ach céad faraoir géar tá na sléibhte Ag gabháil idir mé is tú.
Tá na gairdíní seo i bhfásach 'Mhíle grá geal agus mise liom fhéin Tá na pabhsaí seo ag fás ann Is breátha dhá bhfaca tú ariamh Ní chluinfeá ceol cláirsí ag gabháil a' tsráid seo Na ceol binn na n-éan Ó d'éalaigh mo ghrá uaim, cúilín álainn Go Caisleán Uí Néill.
Is i gCaisleán Uí Néill 'Ta an péarla 'bhaindhiomsa mo ghrá A dtug mé fhéin spéis do Go mór mór i ngan fhios don tslua Ar theallach a thí mhóir Sé chónaíonn is a chodlaíonn mo ghrá Ach a shamhail níl le fáil ach an réalt eolais Atá ar an mbaile údan thall.Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.