Is ag gabháil 'n Aifrinn dhom le toil na ngrásta Bhí an lá ina bháisteach 'gus d'ardaigh gaoth 'Sea casadh an ainnir dhom ar bhruach Chill Tártain Agus thit mé láithreach i ngrá le mnaoi Ó labhair mé léithe go múinte mánla 'Is do réir a cáilíocht sea d'fhreagair sí Séard adúirt sí, “Raftéirí, tá m'intinn sásta 'Gus gluais go lá liom go Baile Uí Laí.”
Nuair a fuair mé an tairiscint níor ligeas ar cairde é Ach rinne mé gáire agus gheit mo chroí Is ní raibh le dhul againn ach trasna páirce 'S níor thug muid an lá linn ach go tóin an tí Leagadh bord againn a raibh gloine is cárt air Is bhí cúilín álainn is í romham 'na suí Séard adúirt sí, “Raiftéirí, bí ag ól is céad fáilte Mar tá an siléar láidir againn i mBaile Uí Laí.”
Is nach aoibhinn aerach ar thaobh an tsléibhe Is mé 'breathnú síos ort a Bhaile Uí Laí Ag siúl na ngleannta 'baint cnó 'gus sméartha Is ceiliúr aerach mar cheolta sí Is cén bhrí an méid sin go bhfaighfeá léargas Ar bhláth na gcraobh is é bheith 'na taobh Níl maith dhá shéanadh ná dhá cheilt ar aon fhear Ach, 'sí spéir na gréine, 'sí grá mo chroí.Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.