Agus maidin chiúin dhár éiríos Amach faoi bharr na gcoillte Ansiúd is ea buaileadh an saighead liom Is mo leigheas ní raibh le fáil Nó gur dhearc mé an bhruinneall mheidheartha Faoi bhruach na sceilpe draighne Agus gheit mo chroí le meidhir aici Is dheamhan ar éirigh liom í fháil.
Is nach trua gan mé in mo smóilín Is nach leanfainn thríd an ród thú Mar gur tusa bláth na hóige A thógfadh suas mo chroí Mar go mbeinn ag seinm cheoil dhuit Ó mhaidin go thráthnóna 'S gur le ceiliúr binn go glórtha Thug mé mór-ghean do mhnaoi.
Is buachaill mé atá aonraic Is ní bheidh mé i bhfad má fhéadaim Go siúlfaidh mé na réigiún Is as sin don tír anonn Ó Chorcaigh go Beann Éadair Is ó Baile Átha Cliath 'na dhiaidh sin Is go rachfar abhaile 'n tsléibhte Nó go Béal an Átha siar.
Agus rachaidh mé má fhéadaim Go Meiriceá i dtús an tséasúr Ins an áit nach mbeidh mo ghaolta Ar aon taobh ná ag tíocht romham Is ní fhillfidh mé ar m'ais go hÉirinn Nó go labharfaidh an chuach sa nGeimhreadh Is go mbeidh caisleán ag mo mhuintir Is é bheith déanta ar bhruach an chuain.Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.