Agus chaith mé bliain k's ráithe 'Mo Gabha Ceartan i gCúige Laighean Agus tuairisc mo ghrá ní bhfuar mé Nó go dtáinig mé ar m'ais arís Tá an saol seo ar fad cráite Is ní áirím mo mhuintir fhéin Is ar an gcnoc úd thall atá m'árasán Is ar an bPápa ní cheilfead é.
Agus soir atá mo tharraingt Is nach fada uaimse grá mo chroí Sí gile an chúilín phéacóg In do dhiaidh-sa ní bheidh mé beo Mar tharraing tú milleán mór orm Ach a stóirín is níor mhaith leat é Is naoi n-uaire a b'fhearr liom pósta leat Go mór na bheith i bhFlaithis Dé.
Agus tuige nach dtagann tú a ghrá geal Is mé fháil uaidh mo mhuintir fhéin Nó tuige nach dtagann tú lá éicint Is mé fháil uathu uilig go léir Mara mbeidís sásta leis an gcás sin Is é fheiceáil réidh Ó déanaí cónra chláir dhom Agus fágái mé go domhain i gcré.
Is diomú Rí na hAoine Don té a dhíbir mo ghrá i bhfad uaim Níl goir agam a dhul ina gaobhar Aon Dé hAoine na go moch Dé Luain Dhá mbeadh sé 'na stoirm thinntrí Is an oíche bheith ag cur sneachta dubh Is le mo ghrá is dhá bhfaighinn cead sínte Is go mbeinn chomh haoibhinn leis an eala ar cuan.Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.