Is thug me an ruaig úd ó mhullach na Cruaiche 'Gus thart anuas bun an tsléibhe bháin Ar thuairisc mo chailín deas a d'fhág m'intinn buartha 'Is a rinne gual dubh de mo chroí im' lár.
Ó d'at mo ghuaillí go dtí mo chluasa 'Is fuair mé fógra glan géar ón mbás Is níl duine dhár gcuala mo scéal an uair siúd Nár dhúirt go mba trua é an Caisideach Bán.
Ar cheann an staighre tá plúr gach maighdean 'Is í siúd meidhreog an bhrollaigh bháin. 'Is nach trua nach liom í gan bó ná punt í Is í bheith gan chuntas liom ar lár.
Ó dhéanfainn teach mór dhí ar shúil an bhóthair Agus chuirfinn cóistí faoina clainn. Is a chailín ómra, ó chaill mé an tráil leat Na grástaí nár fhaighidh tú mura n-éalaí liom.
Ó bhí mé i gColáiste go h-am mo bhearrtha Agus ins an ardscoil ar feadh chúig mbliain Nó go bhfuair mé oideachas is léann ón Eaglais Ach céad faraoir cráite má bhris mé thríd.Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.