Is a chailín scoth na luachra Sé mo thrua leat mo bheart ar lár Na dtiocfá liom ar uaigneas Faoi bhruach na coille is gile bláth Mar sagart ní bhfaigheadh scéal air Na éinne dá bhfuil beo Nó go dtaga caint don chéirseach Agus Gréigis don londubh breá.
Níl stoca a'm is Níl bróig a'm Is nil stól a'm le go suífinn síos Níl pingin ar an domhan mór a'm Ach go bhfóirfidh orm ach Íosa Críost Tá mo bhriste gan fáthaim Is mar is eol díbh tá mo phluid gan fí Is tá go leor do mhná na n-óstaí Is iad a' tóir orm faoi luach na dí.
Ó shíl tú mhealladh, a bhuachaill Le do chluanaíocht is mí raibh aon mhaith dhuit ann Is a liachtaí cailín stuama Ag iompairt ualaigh 's ag gabháil le fán Is go mb'fhearr liomsa ag iompairt ualáigh Is á dtarraingt go dtí lá mo bháis Na do leanbh is é bheith ar mo ghlúin a'm Ag cur do thuairisc is gan tú le fáil.Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.