Thíos cois na trá domh, in ndoimhneacht na h-oíche An saol mhor ina gcodhladh, 's mise liom féin Na h-éanacha mara ag scairtigh go léanmhar Cosúil le h-anamnacha bochta i bpéin
Ionlán gealaí 's iomlán rabharta Aoibhneas 's ciúineas, 's áilleacht sa domhain Crónán na fairrige ag dul siar ar mo chluasa Bog-cheol an uisce ag sileadh sam abhainn
Istigh ar h-inseáin tá sean-reilig bheannaithe An áit inar mhaireadh naoimh sam aimsir fadó Tá daoine istigh ann ag chaith seal do h-aerach Ní shiúlfaidh siad thar fán chladaigh níos mó
Bhuail uaigneas m'intinn 's mé ag amharc ar an reilig 'S mé ag meadhradh ar dhaoine istigh ann ina luí Fir a's mná óga, seandaoine 's páistí Muintir mo mhuintir 's cairde mo chroí
Tá no coiligh ag glaoch 's na réalta ag bánú Tá an gealach ina luí 's ní fada go lá Slán agat anois a shean-reilig bheannaithe 'S na daoine a shiúlfadh liom síos cois na tráTeksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.