Seal do bhí páirc, dob álainn an pháirc In aice mo dhorais go buan Is an gach nua lá d'fhásadh nua bláth Ag cur leis an ghlas-mhuir go suan
Suas suas an aer an fhuiseog go soar Ag síor chanadh solais don lá Ó mhaidin go teacht na hoíche faoi bhrat Níor fhoglaim mé dadaigh ach grá
D'imigh gach bliain gan bhuaireadh sa pháirc M'óige geal gháireach is suairc Ar thóir na mbeach rua ag bailiú go luath Gach ceann ag eitilt gan bhuairt
Éist leis an traén ag feadaíl i gcéin Deifrigh nó caillfimid í O mhaidin go teacht na hoíche faoi bhrat Spórt agus sásamh i m' chroí
Féach ar an pháirc Cá bhfuil na crainn is an bláth? Agus féach ar an spéir Cá bhfuil mo chantóir's mo ghrá?
Seal do bhí páirc, dob álainn an pháirc In aice mo dhorais go buan Is an gach nua lá d'fhásadh nua bláth Ag cur leis an ghlas-mhuir go suan Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.