Tá an oíche seo dorcha is tá sí fuar, 'Gus tá sí 'goilliúint ar mo chroí go crua; Mo stór a d'imigh 's nach bhfuil le fáil, 'S a bhéas a' goilliúint orm nó go bhfaighidh mé bás.
'S nach deas an sagairtín é stór mo chroí, Nach beannaithe an pobal a dtéann (siúlann) sé thríd Tá branda ó Mhuire aige 'gus séala ó Chríost, Is tá sé triall chun a choláistí.
Ó éist, a chailín deas is ná sil deoir, Mar ní dhuitse a rugadh mé ná d'aon bhean beo Ach baistfidh mé do leanbh dhuit le cúnamh Dé, 'S dhá mbeadh breith ar maiféal a'm, ba leat mé fhéin.
Tháinig (Chuaigh) mé aréir ag an doras úd thall Lig mé fead uirthi 'gus glórtha ard Is éard a dúirt a hathair liom nach raibh sí ann (Nar) Go raibh sí imithe go Meiriceá.]. . .
Dúirt . , Sé dúirt a mhathair [Lyrics required] A Dhia 's a Chríosta, nach mór an feall, A bheith i ngrá le mnaoi (cailín) 's gan í a'm le fáil.Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.