Chuaigh mé 'un aonaigh 's dhíol mé mo bhó Ar chúig phunta airgid 's ar ghiní bhuí óir
Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór Ó cad é sinn don te sin nach mbaineann sin dó?
Má théim 'na choilleadh chraobhaigh 'cruinniú sméara nó cnó A baint ullaí do ghéaga nó a buachailleacht bó
Má shínim seal uaire faoi chrann a dhéanamh só Ó cad é sinn don te sin nach mbaineann sin dó?
Má théimse chuig airnéal 's rince 's spórt Chuig aonaigh nó rásaí, 's gach cruinniú den tseoirt
Má bhíonn daoine súgach, 's má bhím súgach leo Ó cad é sinn don te sin nach mbaineann sin dó?
Deir daoine go bhfuil mé gan rath is gan dóigh Gan earraí, gan éadal, gan bólacht nó stór
Má tá mise sásta mo chónaí i gcró Ó cad é sinn don te sin nach mbaineann sin dó? Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa. |
|