An chéad suáilce fuair an Mhaighdean Bheannaithe ba í sin an tsuáilce mhór suáilce a fuair sí óna haonmhac uasal go bhfuair sí a haon mhac beo.
An dara suáilce fuair an Mhaighdean Bheannaithe ba í sin an tsuáilce mhór suáilce a fuair sí óna haonmhac uasal go deachaidh sé a léamh na leabhar.
An triú suáilce fuair an Mhaighdean Bheannaithe ba í sin an tsuáilce mhór suáilce a fuair sí óna haonmhac uasal gur thug uirthi bláth na n-ord.
An ceathrú suáilce fuair an Mhaighdean Bheannaithe ba í sin an tsuáilce mhór suáilce a fuair sí óna haonmhac uasal gurbh é fhéin an Slánaitheoir.
An cúigiú suáilce fuair an Mhaighdean Bheannaithe ba í sin an tsuáilce mhór suáilce a fuair sí óna haonmhac uasal go ndearna sé na mairbh beo.
An séú suáilce fuair an Mhaighdean Bheannaithe ba í sin an tsuáilce mhór suáilce a fuair sí óna haonmhac uasal gur thug sé fíon le hól.
An seachtú suáilce fuair an Mhaighdean Bheannaithe ba í sin an tsuáilce mhór suáilce a fuair sí óna haonmhac uasal go dtabharfadh sé í suas ar neamh.Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.