Dá mbeinnse i mbliana mar bhí mé anuraidh Toigh beag 'bheith agam i gcois an chuain Chuirfinn mo bhád amach ar a' tSionainn Agus bhéarfainn abhaile liom mo chailín rua B'fhearr liom í ná bó is ná bearrach Nó a bhfuil de loingis ag tarraingt chun cuain Bhí sí mar gha gréine ag dul in éadan na ngloiní Scéimh mhná na Finne le mo chailín rua Curfá: Thug mé liom í ó bhaile go baile Fríd Bhaile 'Cliath 'un na geaftaí crua Chun fhuil aon mhíle ó d'fhág mé an baile Nach dtug mé deoch leanna do mo chailín rua Bhí ceann gruaige leí síos go talamh 'Gus barra na finne go dtug sí leí Ba mhéanar don fhear óg a gheobhadh í le mealladh Rogha na gcailíní mo chailín rua Dá mbeinn chomh saibhir is a bhí mé anuraidh Thógfainn toigh mór ar an chnoc údaí thuas Fíon agus ór 'siad bhéafainn do mo stór Is bhein a' gabháil ceoil le mo chailín rua Chan fhuil aon teach ósta a casadh romhainn sa bhealach Nach dtug mé deoch leanna do mo chailín rua Ach d'imigh sí léi le buachaill siopa Slán go bhfillfidh tú a chailín rua Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa. |
|